Níl an deighilt ghnáthúil idir an téarma teagaisc agus an tsamhradh taighde i gceist agam faoi láthair, os rud é go bhfuil tionscadal mór (acrainm RECIRC) faoi bhealach agam. Leanann obair thionscadail ar aghaidh: cruinnithe foirne, glantachán sonraí, blag le scríobh, agus aiste le críochnú. An difríocht is mó a mhothaítear i rith an tsamhraidh – ag lucht ollscoile uile – ná méadú na gcomhdhálacha. Táimse tar éis taighde RECIRC a chur i láthair i Sasana, in Éirinn, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada ó dheireadh mhí an Mheithimh.
‘Sé comhdháil ‘Early Modern British and Irish Catholicism’ an chéad cheann. Eagraithe ag an Centre for Catholic Studies in Ollscoil Durham gach dara bhliain, de ghnáth tarlaíonnn an ócáid seo i dtuaisceart Shasana. Ach i mbliana, bhí sé óstaithe i Lonndain, in áras a bhaineann le hOllscoil Notre Dame in aice le Cearnóg Trafalgar. Bhíos féin ag labhairt faoi aistriúchán téacsanna scríobhtha ag mná atá le fail i bhfoinsí áirithe mhairtíreachta, i dteannta beirt thaighdeoir eile atá bainteach le RECIRC: Bronagh McShane (ag caint faoi chlochar na nDoiminiceach Éireannach i Lisbon san seachtú agus ochtú aois déag) agus Emilie Murphy (dírithe ar na clochair Sasanacha a bhí ar deoraíocht sa Mhór-Roinn agus a gcuid scileanna teanga). Tá tuarascáil ar an gcomhdháil iomlán le fáil anseo.
Bhí na trí ócáid eile dírithe ar na Daonnachtaí Digiteacha – na feidhmeanna a bhaintear as nuatheicneolaíochtaí i mbun ceisteanna taighde na nDaonnachtaí. D’eagraigh Jennifer Redmond an chomhdháil, ‘Women’s History in the Digital World’, in Ollscoil Mhá Nuad i mí Iúil. ‘Séard a bhi ag ábhar na comhdhála ná na tionscadail taighde idirnáisiúnta digiteacha atá ar siúl ó thaobh stair na mban de. Tá tuairisc iomlán ar fáil anseo . Chaith mé seachtain i Washington D.C. níos déanaí sa mhí, rannpháirtí sa scoil samhraidh, ‘Early Modern Digital Agendas: Network Methodologies’, eagraithe sa Folger Shakespeare Library (féach sonraí anseo) . I rith na coicíse (agus ní ach rannpháirtí páirt-aimseartha a bhí ionam, áfach!), bhí teagasc agus dian-phlé ar bhogearraí gur féidir úsáid a bhaint as chun líonra sonraí, agus go háirithe gréasáin sóisialta, a thuiscint níos fearr ó thaobh na ndaonnachtaí de. Faoi dheireadh, i mí Lúnasa, thaisteal mé féin agus David Kelly (Bainisteoir na nDaonnachtaí Digiteacha, Institúid na Móra, OÉG) go Montreal, go dtí an gcomhdháil mhór bhliantúil a eagraíonn an Association of Digital Humanities Organizations. ‘Sé seo an chomdháil dhomhanda ar ábhar na nDaonnachtaí Digiteacha, le níos mó ná 800 toscairí. Bhíomar ag plé ceisteanna chomh-inoibritheachais le comhghleacaithe i gceannas ar na tionscadail an Women Writers Project (Northeastern) agus Collective Biographies of Women (Virginia). De réir mar atá níos mó tionscadail ag deighleáil le ceisteanna taighde cosúla, tá gá dul i gcomhar le chéile ar thóir chomh-thuisceana dhigiteach. Tá naisc go dtí an gclár agus achoimrí le fáil anseo.
Ní amháin ar son an chraobhscaoilte gur bunáisteach é freastal ar chomhdhálacha; is deis é buaileadh le saineolaithe an réimse staidéir agus foghlaim faoin taighde is déanaí chomh maith. Ach is fíor gur tráth ghnóthach a bhí ann!
Published: 31 Aug 2017 Categories: Digital Humanities, English Literature, The Busy Season